29/09-06/10/2013: COMHRÁ 24/7

8_550X240_COMHRA

 

Táimid ag eagrú an ‘COMHRÁ 24/7’, curiarracht dhomhanda don chomhrá GAEILGE IS FAIDE riamh ar domhan mar chuid de Bhliain na Gaeilge! IS FÉIDIR LEAT D’UAIR A CHLOIG (nó níos mó) A CHUR IN ÁIRITHE ANOIS…

 

Go bunúsach, beidh grúpaí éagsúla ar fud an domhain ag eagrú ciorcail chomhrá ar feadh uair a chloig agus beidh siad ar fad san áireamh i gclárama a leanfaidh ar feadh seachtaine GAN STAD ó 29 Meán Fómhair go dtí 6 Deireadh Fómhair. Beidh an comhrá sruthaithe beo ar leathanach idirlín faoi leith agus beidh deis ag an bpobal ar fud an domhain páirt a ghlacadh trí twitter le #comhra247.

 

Conas páirt a ghlacadh:

* Táimid ag lorg grúpaí le freagracht a ghlacadh as uair a chloig an grúpa (nó níos mó uaireanta más mian le grúpa)

* Is féidir an dáta, agus an uair (nó na huaireanta) atá i gceist ag do ghrúpa a chur chugainn ag comhra@cnag.ie nó glaoigh ar +353 (0)1 4757401

 

(tá níos mó eolais ar an bpóstaer thíos nó faigh leagan clóite den phóstaer anseo)

 

B’fhiú teagmháil a dhéanamh linn chomh luath is gur féidir leis an uair a chloig (nó níos mó) is mó atá ag teastáil ó do ghrúpa a chur in áirithe.

 

26IU2013_Comhra