Amlíne

1893 Tús le hathbheochan na Gaeilge agus bunú Conradh na Gaeilge

1895 Scaipeann an athbheochan thar lear
1897 Cuirtear tús le Oireachtas na Gaeilge
1898 Fáinne an Lae foilsithe don chéad uair & cead "Mac" a úsáid
1899 Tosaíonn Tomás, an chead Timire, ag obair & an Claidheamh Solais foilisthe don chéad uair
1902 20,000 ag siúl i mBaile Átha Cliath & ag cur tús le Seachtain na Gaeilge
1903 Pádraig Mac Piarais ceaptha mar eagarthóir ar an gClaidheamh Soluis
1909 100,000 ag siúl ar son na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann
1910-1912 Tús leis na coláistí samhraidh
1924 An tUltach foilsithe don chéad uair
1926 Cuirtear tús le Comhaltas Uladh
1928 An Ghaeilge mar chroí-ábhar don teastas sóisearach
1934 An Ghaeilge mar chroí-ábhar don Ardteist
1937 Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í - Bunreacht na hÉireann
1943 Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge bunaithe
1950 Ord is eagar curtha ar an nGaeilge leis an gcaighdeán oifigiúil
1951 Ag saothrú an Chultúir Ghaelaigh tríd an ceol" - bunú Comhaltas Ceoltóirí Éireann
1953 Fondúireacht neamhpholaitiúil, neamhrialtasach darbh ainm Gael-Linn bunaithe
1957 Fadhbanna móra geilleagair sa Ghaeltacht & Bunaíodh Gaeltarra Éireann le tabhairt fúthu
1963 An Ghaeilge ag éirí conspóideach arís. Síníonn 500,000 achainí leis an nGaeilge a chaomhnú
1966 Bogann Conradh na Gaeilge ó Chearnóg Pharnell go 6 Sráid Fhearchair
1971 An chéad scoil lán-Ghaeilge sa Tuaisceart "Bunscoil Phobal Feirste" ag glacadh le páistí
1972 Seirbhís raidió don Ghaeltacht bainte amach le tús chraoladh Raidió na Gaeltachta
1973 Bunú Gaelsoileanna Teo
1978 An Chomhchoiste Réamhscolaíochta curtha ar bun
1978 Bunú An Chomhchoiste Réamhscolaíochta
1980 Bunaíodh Údarás na Gaeltachta sa bhliain 1980 le bheith freagrach as forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta
1983 Bunscoil Cholmcille 1983 i nDoire
1984 Bunaíodh ‘Lá’ an chéad pháipéar laethúil Gaeilge in Éirinn; deireadh curtha le riachtanas na Gaeilge sa stát seirbhís ó dheas
1987 Bunaíodh Gaillimh le Gaeilge ag eascairt as an taighde "Tionchair Shoceacnamaíocha Áitiúla a bhaineann le Gaeltacht na Gaillimhe"
1990 Bunú an Iontaobhas Ultach
1991 Oscailt Cultúrlann McAdamh –Ó Fiaich i mBéal Feirste & Oscailt  Meánscoil Feirste an chéad mheánscoil lán Gaeilge i dTuaisceart Éireann  
1992 Bunú Coiste Forbartha Charn Tóchair
1993 Bliain gnóthach don Ghaeilge le bunú Comhluadar, Raidió na Life & An Foras Pátrúnachta
1994 Bunú Naíscoil an tSratha Báin, Contae Thír Eoghain-chéad Naíscoil  Lán-Ghaeilge sa Chontae
1996 Tar éis go leor blianta d"agóidíochta tosaíonn TG4 ag craoladh ar oíche Shamhna
1998 Comhaontú Aoine an Chéasta - Aitheantas don Ghaeilge ó Thuaidh & bunú POBAL
1999 Ar an 2 Nollag bunaíodh Foras na Gaeilge, an comhlacht atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na hÉireann
2000 Bunú Comhairle na Gaelscolaíochta ó thuaidh
2001 Daingniú Cairt na hEorpa - cearta do na Gaeil ó thuaidh
2003 Acht na dTeangacha Oifigiúla & Bunú Fhorbairt Naíonraí Teo
2003 Tosaíonn an sraith dhlúthdhioscanna "SNAG", ansin mar "CEOL" ó 2006-2010 agus anois mar "Rí-Rá le Hector"
2006 Comhaontú Chill Rímhinn agus gealltanas d"Acht Gaeilge ó Thuaidh; Ráiteas ó Rialtas na hÉireann i leith na Gaeilge;Tús le craoladh dlíthiúil Raidió Fáilte
2007 Aitheantas oifigiúl don Ghaeilge mar theanga oibre san Aontas Eorpach; Foghlaimíonn Des Bishop Gaeilge mar chuid den chlár teilifíse "In the name of the fada"; Tús le Raidió Rí-Rá]
2008 Baineann Glen Hansard úsáid as an nGaeilge ag na hOscars nuair a bhain sé gradam amach
2009 a Craolann Raidió na Life ón bPicnic Aibhléisigh; Oscailt Chultúrlann Uí Chanáin i nDoire; Seoltar Foinse mar atá agus dáiltear é leis an Irish Independent gach Céadaoin
2009 b Is  fiú os cionn €136 milliún an Ghaeilge do gheilleagar Chathair agus Chontae na Gaillimhe go bliantúil; Tús le Ceart agus Ceiliúradh i mBéal Feirste
2010 a Glacadh le Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30 i bPoblacht na hÉireann; Gaeilge na Breataine bunaithe mar scáth-eagraiocht do ghrúpaí Gaeilge
2010 b Seoltar www.foinse.ie 20,000 duine ag Rith ar son na Gaeilge
2011 a Rinne an tAire Cultúir Carál Ní Chuilín Líofa 2015 a sheoladh; Rinne Stephen Fry cameo ar Ros na Rún
2011 b Baineann Banríon an Ríocht Aontaithe úsáid as an nGaeilge; Baineann Uachtarán SAM, Barak Obama, úsáid as an nGaeilge "Is féidir linn"!
2012 Glacadh le hAcht na Gaeltachta; Dréacht straitéis DCAL seolta; Scoil na Gaeilge ag Ollscoil Uladh i nDoire; 28,000 duine ag rith ar son na Gaeilge
2013 Fleadh Cheoil na hÉireann – Doire 2013