31/12/2012: Tús Bhliain na Gaeilge

SEOLANN UACHTARÁN NA hÉIREANN BLIAIN NA GAEILGE 2013 LE CÓISIR CHINN BHLIANA I nGAELTACHT CHIARRAÍ

Is iad Mícheál Ó Muircheartaigh, laoch spóirt áitiúil, agus Pádraig Ó Sé, ceoltóir clúiteach ó Chiarraí, a sheol Bliain na Gaeilge 2013 go hoifigiúil le teachtaireacht phearsanta réamhthaifeadta ón Uachtarán Michael D Higgins ar An Daingean, Co. Chiarraí, ag cur tús leis an bhféile Ghaeilge bhliana le clár imeachtaí speisialta roimh na tinte ealaíne bliantúla ar Oíche Chinn Bhliana, 31 Nollaig 2012.

 

Baileoidh na mílte daoine ag Ceann an Ché, áit a chuala siad teachtaireacht spreagúil an Uachtaráin do lucht labhartha na Gaeilge ar fud na cruinne ar Oíche Chinn Bhliana. Bhí tinte ealaíne don teaghlach ar fad sula rinneadh an Bhliain Úr a fhógairt trí Auld Lang Syne a chasadh as Gaeilge.

 

Cuireadh tús le hathbheochan na Gaeilge le bunú Chonradh na Gaeilge 120 bliain ó shin, agus maíonn beagnach 2 mhilliún duine ar oileán na hÉireann go bhfuil Gaeilge acu sa lá atá inniu ann. Tá sí mar aidhm ag ceiliúradh Bhliain na Gaeilge na mílte deis úsáide Gaeilge a chur ar fáil don dream seo le linn 2013.

 

Ag trácht ar Bhliain na Gaeilge 2013, luaigh An tUachtarán Michael D Higgins gurb é Dubhghlas de hÍde, chéad Uachtarán na hÉireann, cathaoirleach chéad chruinniú Chonradh na Gaeilge in Iúil 1893 agus dúirt: “Tá ról na Gaeilge sa lá atá inniu níos tábhachtaí ná riamh agus brú ag teacht ar mhionteangacha ar fud an domhain mhóir. Is dlúthchuid dár gcultúr agus dár bhféiniúlacht í an Ghaeilge. Mar Uachtarán na hÉireann, tá mé an-sásta tacú go láidir le Bliain na Gaeilge – is linne an teanga agus braitheann a todhchaí orainn.”

 

Tá an tUachtarán ag moladh do chuile dhuine a gcuid Gaeilge a úsáid le comhghleacaithe oibre, le cairde, le gaolta agus le duine ar bith eile gur féidir le linn 2013, mar aon le hamharc ar na himeachtaí atá luaite ar www.gaeilge2013.ie chun páirt a ghlacadh i gcuid acu. Molann an tUachtarán don phobal páirt a ghlacadh i gcomórtais éagsúla Bhliain na Gaeilge freisin, saoire a ghlacadh sa Ghaeltacht, agus cairde thar lear a mhealladh go hÉirinn in 2013 le freastal ar imeachtaí Bhliain na Gaeilge agus Thóstal Éireann 2013.

 

Dúirt Julian de Spáinn, Eagraí Náisiúnta Bhliain na Gaeilge 2013: “Tá sí mar aidhm ag Bliain na Gaeilge an pobal a ghríosú agus a chumasú chun an Ghaeilge a úsáid, laistigh agus lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta, tríd an gceiliúradh bliana seo ar an teanga. Is mór againn an deis Bliain na Gaeilge 2013 a sheoladh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne ar Oíche Chinn Bhliana, agus ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le muintir na Gaeltachta a chabhraigh linn an ceiliúradh spleodrach seo a eagrú i nDaingean Uí Chúis.”

 

Tá breis agus 100 eagraíocht teanga agus chultúir eile ó cheann ceann na tíre ag glacadh páirte sa togra teanga tábhachtach seo – leithéidí de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, TG4, agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) san áireamh. Tá áis ar www.gaeilge2013.ie le himeachtaí áitiúla Gaeilge a chlárú agus le teacht ar eolas faoi imeachtaí náisiúnta Bhliain na Gaeilge.

 

Tá breis eolais faoin togra ar www.gaeilge2013.ie; ar www.facebook.com/gaeilge2013; nó ar Twitter @gaeilge2013. Tá Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta ag tacú le Bliain na Gaeilge. Bígí Linn – Let’s Celebrate Our Language!

 

Cad is féidir leatsa a dhéanamh le linn Bhliain na Gaeilge 2013?

  • * Bain úsáid as an nGaeilge le do chairde, do ghaolta, do chomhghleacaithe agus eile i 2013
  • * Féach ar na himeachtaí ar fad ar ár suíomh gréasáin ar www.gaeilge2013.ie & déan freastal ar chuid acu
  • * Glac páirt sna comórtais – tá duaiseanna iontacha le baint amach!
  • * Déan cinneadh feabhas a chur ar do chuid Gaeilge nó í a fhoghlaim in 2013 – d’fheadfaí páirt a ghlacadh san fheachtas Líofa 2015 fiú
  • * Téigh ar saoire go dtí an Ghaeltacht
  • * Meall cairde thar lear le teacht go hÉirinn in 2013 le freastal ar imeachtaí de chuid Bhliain na Gaeilge agus páirt a ghlacadh i dTóstal Éireann 2013
  • * Ceannaigh earraí déanta in Éirinn le cabhrú leis an timpeallacht ina bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn againn