Seachtain na Gaeilge

6_550X240_SnaG

 

Dáta:                     4 – 17 Márta 2013

Ionad:                   Ar fud na hÉireann agus an domhain

Cur Síos:             Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge a reáchtáiltear i mí an Mhárta gach bliain agus a chuireann úsáid na Gaeilge agus an cultúr Gaelach chun cinn in Éirinn agus thar lear. Bhunaigh Conradh na Gaeilge an fhéile sa bhliain 1902. Tá an fhéile tar éis neart fuinnimh a bhailiú le blianta beaga anuas, agus tá sí anois ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a reáchtáiltear in Éirinn gach bliain, agus in go leor tíortha eile.

 

Tugann an fhéile deis go gach uile dhuine spraoi a bheith acu leis an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal araon. Déanann eagraíochtaí, comhairlí áitiúla, scoileanna, leabharlanna, agus eagrais cheoil, spóirt agus chultúrtha a n-imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge a chlárú leis an oifig agus beidh féile na bliana seo chugainn ó 4 – 17 March 2013 mar chuid den cheiliúradh Bliain na Gaeilge agus Tóstal Éireann 2013. www.snag.ie