Féilte

Bíonn go leor féilte ar siúl sna ceantair Ghaeltachta ó cheann ceann na bliana.

Mar shampla:

  • Scoil Cheoil an Earraigh, Ciarraí – Mí Feabhra
  • Féile na Bealtaine, Ciarraí – Mí na Bealtaine
  • Féile Chomórtha Joe Éinniú, Gaillimh – Mí na Bealtaine
  • Comórtas Peile na Gaeltachta – Mí an Mheithimh (ceantair éagsúla)
  • Féilte Bád Chonamara, Gaillimh – Mí an Mheithimh – Mí Lúnasa
  • Féile Ealaíne an Earagail, Dún na nGall – Mí Iúil
  • Féile Iorrais, Maigh Eo – Mí Iúil
  • Féile na hEachléime, Maigh Eo – Mí Lúnasa
  • Daonscoil na Mumhan, Port Láirge – Mí Lúnasa
  • Ceiliúradh 2013, Ciarraí: ‘Saibhreas agus Dán na Teangan’ – Mí Meán Fómhair
  • Féile na Mí, An Mhí – Mí na Samhna
  • Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin, Corcaigh – Mí na Nollag

 

I gcomhair níos mó eolais faoi fhéilte agus imeachtaí Gaeltachta agus faoi chúrsaí taistil, lóistín agus gníomhaíochtaí sna ceantair Ghaeltachta éagsúla, téigh go www.gaelsaoire.ie

04-18/08/13: Féile na hEachléime

Is Féile cultúrtha é Féile na hEachléime ina bhfuil an turasóir agus an pobail in ann taitneamh a bhaint as na traidisiúin agus nósanna cultúrtha ár gceantar agus ár sinsear.

Níos mó eolais anseo

27-29/09/13: Ceiliúradh 2013 – ‘Saibhreas agus Dán na Teangan’

Comhdháil bhliantúil in Ionad An Bhlascaoid Mhóir, Dún Chaoin

Níos mó eolais anseo