COMHRÁ 24/7 i STORMONT

Written by admin1. Posted in Clúdach sna Meáin

30 September 2013

Culture Minister chats her way to world record win.

Culture Minister Carál Ní Chuilín has taken part in a world record attempt to have the longest Irish language conversation ever.   The record attempt Comhrá 24/7 is being organised by Conradh na Gaeilge as part of Bliain na Gaeilge and is running until the 6th of October.   One hundred and sixty eight groups are required to participate in the 24/7 conversation.

Speaking from Parliament Buildings where the Minister facilitated a conversation circle with St Dominic’s School and Cólaiste Feirste, she said: “This is an innovative way to encourage people to speak Irish and I am very happy to be part of it. 

“Here at Stormont, across Belfast, throughout Ireland and indeed across the world gaeilgoiri are taking part in this fun attempt to break the world record.   A non-stop interactive global conversation spanning a week like this has never taken place before in Irish.

“As a nation of talkers I’m sure we will do our best to be record-breakers and in the process we can all practice our Irish.  Languages will only survive if they are spoken and that is one of the reasons I established Líofa which is a campaign to get people fluent in Irish by 2015.

“I have no doubt this week- long event will be a success and no matter what your level of Irish we will all be record breakers by midnight on the 6th of October.”

Ceatharlach: Ceiliúradh Cainte i gColáiste Leoin

Written by admin1. Posted in Clúdach sna Meáin

Ceatharlach

 

Ceiliúradh Cainte i gColáiste Leoin

 

Pic:  Ciara Céitinn agus Aoife Nic Aonghusa réidh chun cainte ar Kclr96fm

Pic: Bliain na Gaeilge 2013 logo

 

Tá 2013 ainmnithe mar Bhliain na Gaeilge. Cuireadh tús le hathbheochan na Gaeilge 120 bliain ó shin le bunú Chonradh na Gaeilge sa bhliain 1893 agus dá bhrí sin tá ceiliúradh na teanga faoi lán seoil fud fad na tíre i mbliana. Tá na mílte deis úsáide Gaeilge ar fáil don dá mhilliún duine sa phobal a bhfuil Gaeilge ar leibhéil éagsúla acu, chomh maith le daoine a mhealladh chun an Ghaeilge a fhoghlaim ó thús.

Is féile bhliana ar son na teanga í Bliain na Gaeilge agus tá imeachtaí spraíúla éagsúla á n-eagrú chun an pobal a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid go rialta. Ceann de na tionscnaimh sin ná “Ceiliúradh Cainte i Scoileanna”. Roghnaíodh Dé Céadaoin, 17 Aibreán don tionscnamh áirithe seo agus iarradh ar scoileanna clárú don dushlán chun Gaeilge a labhairt thar 12 uair a’ chloig. B’é aidhm an tionscnaimh ná na daltaí agus pobal na scoile a spreagadh chun labhairt as Gaeilge amháin do lá iomlán sa bhaile, ar scoil, le cairde, ag siopadóireacht, ag spraoi agus eile.

I measc na scoileanna a ghlac páirt sa Cheiliúradh Cainte bhí na daltaí i mbliain 2 agus i mbliain 4 i gColáiste Leoin Naofa, Ceatharlach. An múinteoir Gaeilge Karen Ní Riain a d’eagraigh an ceiliúradh agus a threoraigh imeachtaí an lae. Bhí na daltaí féin an-tógtha leis an smaoineamh agus thugadar faoin dúshlán go fonnmhar. Chaitheadar t-léinte leis an manadh “Labhair Gaeilge Liom Inniu” curtha ar fáil ag Conradh na Gaeilge atá ag tiomáint Bhliain na Gaeilge i gcomhar le Bliain na dTóstal.

Bhí Iníon Ní Riain thar a bheith sásta leis an lá. “Bhí ceiliúradh iontach  againn agus rinne na daltaí agus na múinteoirí iarracht an-mhór an Ghaeilge a labhairt go nádúrtha i rith an lae” arsa Karen. “Thar aon ní eile bhaineadar taitneamh as an nGaeilge agus thuigeadar gur teanga bheo í agus gur féidir í a usáid go nádúrtha lasmuigh den seomra ranga”.

Bhí am iontach ag gach éinne agus chomh maith leis an teanga a cheiliúradh sa scoil don lá d’eagraigh na daltaí bailiúchán ar mhaithe leis an eagras deonach Headstrong a dhíríonn aird ar shláinte intinne i measc daoine óga. Thug beirt mhac léinn as Bliain 2D, Ciara Céitinn agus Aoife Nic Aonghusa agus an múinteoir Karen cuairt ar Kclr chun tuairisc a thabhairt ar an  gclár Tobar an Cheantair faoi Cheiliúradh Cainte i gColáiste Leoin. Ba léir gur bhaineadar taitneamh agus tairbhe as taithí an lae agus as labhairt faoi ar an raidió. Ba léir freisin go mbeidh siad réidh chun a thuilleadh Ceiliúraidh Cainte a eagrú sa scoil roimh dheireadh Bhliain na Gaeilge 2013.

Gluais:                                                       Glossary:

athbheochan                                               revival

ceiliúradh                                                  celebration

dúshlán                                                     nádúrtha

t-léinte                                                      t-shirts

manadh                                                    slogan

eagras                                                      organisation

deonach                                                   voluntary

02 Márta: Clár Oifigiúil CLG Ard Mhacha v An Longfort

Written by Brenda. Posted in Clúdach sna Meáin

bliain (4)The year 2013 has been designated as Bliain na Gaeilge, Irish language year, to raise the profile of our national language and encourage us all to use our cúpla focal. The Armagh GAA Culture Committee are doing their utmost to promote the language, offering quarterly all-day courses for all levels of learners, with the last one on Saturday 9 February attracting learners from throughout Armagh, Fermanagh, Drogheda and East Belfast. The next one is planned for Saturday 11 May.

I measc na nGaeilgeoirí ar fhoireann Ard Mhacha tá an t-imreoir leis na Sáirséiligh, Mícheál Mac Stiofáin, agus tá sé ag tabhairt lántacaíochta do Bhliain na Gaeilge. “Smaoineamh iontach é Bliain na Gaeilge a chuireann i gcuimhne dúinn go bhfuil sé fíorthábhachtach ár gcuid Gaeilge a úsáid. Tá A-leibhéal agam sa Ghaeilge agus déanfaidh mé mo dhícheall an Ghaeilge a úsáid níos minice i mbliana. Mar ábhar múinteora, déanaim iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn sa seomra ranga. Thosaigh mé ag foghlaim Gaeilge agus mé i gColáiste Cholmáin agus chuaigh mé chuig Coláiste Bhríde Rann na Feiriste agus Coláiste Mhuire Loch an Iúir sa samhradh. Ní thig go leor béime a chur ar thábhacht an eispéiris a fuair mé sa Ghaeltacht, an chraic a bhí agam agus na cairde a rinne mé, agus sílim gur chóir é a chur chun cinn sna scoileanna uilig ar fud an chontae le linn Bhliain na Gaeilge.

Rinne mé Gaeilge ar scoil mar tá an teanga tábhachtach dár gcultúr agus dár bhféiniúlacht. Bhí múinteoir agam as Doire a chuir sé beocht san ábhar, nuair a thuig muid a chanúint cibé. Ní raibh mé ábalta leanúint leis an Ghaeilge ar an ollscoil agus cé go n-úsáidim cúpla focal i gColáiste Mhuire agus ar chleachtadh teagaisc, níl mé chomh líofa is a bhí. Pillfidh mé ar an Ghaeilge nuair a bheas an chéim agam nó ba mhaith liom bheith ábalta í a theagasc sna scoileanna. Ba chóir don CLG níos mó freagrachta a ghlacadh an Ghaeilge a úsáid. D’imir mé le Gaeil Chonamara i mBostún anuraidh. Cainteoirí líofa a bhí in achan imreoir agus ba í an Ghaeilge an chéad teanga ag treanáil agus ag cluichí. Chruthaigh sé atmaisféar speisialta agus mhothaigh mé gur rud nadúrtha, traidisiúnta é sin.  Ba chóir dúinn uilig rud amháin a dhéanamh leis an Ghaeilge a chur chun cinn, fiú amháin cúpla focal a fhoghlaim agus a úsáid i mbliana, Bliain na Gaeilge.

Amongst the Gaeilgeoirí on the Armagh team is Sarsfields man, Michael Stevenson, who fully supports Bliain na Gaeilge. “I think Bliain na Gaeilge is a great idea which reminds us of the importance of using our Irish. I learnt Irish up until A-level and I’m going to make an extra effort this year to use Irish. As a trainee teacher, I try to promote Irish among students and what better year than this to really push our national language. I began learning Irish at St. Colman’s in Newry and attended Gaeltacht colleges in Rann na Feiriste and Loch an Iúir. The importance of the Gaelteacht experience and the friends you meet shouldn’t be underestimated and I hope that it will really be promoted in schools throughout Armagh during Irish language year.

I did Irish at school because the language is important to enhance our culture and identity. We had a great teacher from Derry and he made the subject come to life, at least when we understood his accent. I wasn’t able to keep on Irish at university and although I still speak a few words in St Mary’s and on teaching practice, I no longer have the same fluency. I plan to keep up Irish when I graduate so that I will hopefully be able to teach it in schools to some extent. The GAA needs to take more responsibility to promote Irish. When playing for Connemara Gaels in Boston last summer, all the players were fluent speakers and Irish was the first language at training and matches. This created a wonderful atmosphere and brought an added dimension to our game and it felt very traditional to speak our native language while playing Gaelic.  I look forward to continuing to promote Irish and hope that we all can do something, even if is just trying to pick up a few new words, during this Bliain na Gaeilge.