COMHRÁ 24/7

Written by admin1. Posted in Pacáiste Meán, Preasráitis

Ó BHÉISING GO BÉAL FEIRSTE LE COMHRÁ 24/7 GAN STAD, AN CHURIARRACHT GHAEILGE IS FAIDE AR DOMHAN!

 

Beidh Gaeilgeoirí ó cheithre airde na hÉireann á nascadh le lucht labhartha na teanga in áiteanna chomh fada i gcéin le Béising na Síne, Sydney na hAstráile, California sna Stáit Aontaithe, Glaschú san Alban agus Sheffield i Sasana mar chuid den churiarracht domhanda Comhrá 24/7, an comhrá leanúnach Gaeilge is faide riamh atá á reáchtáil ar fud na cruinne ó 29 Meán Fómhair – 6 Deireadh Fómhair 2013!

 

Buíochas le TG4, le Cumann Pheil na mBan agus le Coiste Gaeilge an Chumainn Lúthchleas Gael, seolfar an churiarracht domhanda Comhrá 24/7 ag Cluichí Ceannais Pheil na mBan i bPáirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath ar 1.30in an Domhnach bheag seo, 29 Meán Fómhair 2013.

 

Arsa Julian de Spáinn, Comheagraí na curiarrachta Comhrá 24/7: “Táimid ag súil le héacht a bhaint amach don Ghaeilge leis an gComhrá 24/7 an tseachtain seo chugainn – níor tharla a leithéid den chomhrá idirghníomhach ar-líne ar fud na cruinne gan stad ar feadh seachtaine riamh roimhe seo, agus spreagfaidh Comhrá 24/7 labhairt na Gaeilge ó Ghlaschú go Gaoth Dobhair, ó Bhéal an Mhuirthead go Béising, ‘s ó California go Carn Tóchair do Bhliain na Gaeilge!”

 

Agus is éachtach an obair í – craolfar Comhrá 24/7 beo ar-líne ar feadh na seachtaine ar www.gaeilge2013.ie/comhra247, agus tá breis agus 60 grúpa Gaeilge cláraithe le freagracht d’uaireanta cloig éagsúla don chomhrá Gaeilge is faide ar domhan riamh. Tá an Ghaeilge á spreagadh ag Comhrá 24/7 sna pobail áitiúla faoin tuath agus sna cathracha, sa bhaile agus thar sáile, sna scoileanna, sna clubanna spóirt, sna clubanna oíche agus sna tithe rialtais fiú!

 

Beidh idir Ghardaí Síochána agus pholaiteoirí thuaidh agus theas ag glacadh páirte sa churiarracht domhanda an tseachtain seo chugainn, áit a bheidh ócáid ar leith á reáchtáil ag Líofa le daltaí scoile agus leis an Aire Ealaíon, Cultúir agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín CTR, i Stormont Dé Luain (30 Meán Fómhair 2013), agus cur i láthair speisialta den Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht ar siúl trí Ghaeilge le Teachtaí Dála agus Seanadóirí i dTithe an Oireachtais Déardaoin (3 Deireadh Fómhair 2013).

 

Is iad na Cumainn Ghaelacha tríú leibhéal atá ag glacadh freagrachta as an gcraoladh istoíche ó Luan go Déardaoin, fad agus a bheidh Comhrá 24/7 á chraoladh beo ó Chlub Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath oíche Aoine agus ar an gcairtstáisiún Raidió Rí-Rá ar www.rrr.ie oíche Shathairn. Cuirfear críoch spleodrach leis an gcuriarracht domhanda Ghaeilge ag an bhféile Cearta & Ceiliúradh i mBéal Feirste i ndiaidh meánlae Dé Domhnaigh, 6 Deireadh Fómhair 2013.

 

Tá gach eolas maidir le Comhrá 24/7 ar shuíomh Bhliain na Gaeilge ar www.gaeilge2013.ie agus is féidir leat teagmháil a dhéanamh le comhra@cnag.ie / +353 (0)1 4757401 más mian leat páirt a ghlacadh sa churiarracht speisialta seo. Bígí Linn – Let’s Celebrate Our Language! CRÍOCH

Tús Bhliain na Gaeilge

Written by admin1. Posted in Fiséan, Leathanach Baile, Pacáiste Meán, Preasráitis

SEOLANN UACHTARÁN NA hÉIREANN BLIAIN NA GAEILGE 2013 LE CÓISIR CHINN BHLIANA I nGAELTACHT CHIARRAÍ

Is iad Mícheál Ó Muircheartaigh, laoch spóirt áitiúil, agus Pádraig Ó Sé, ceoltóir clúiteach ó Chiarraí, a sheol Bliain na Gaeilge 2013 go hoifigiúil le teachtaireacht phearsanta réamhthaifeadta ón Uachtarán Michael D Higgins ar An Daingean, Co. Chiarraí, ag cur tús leis an bhféile Ghaeilge bhliana le clár imeachtaí speisialta roimh na tinte ealaíne bliantúla ar Oíche Chinn Bhliana, 31 Nollaig 2012.

 

Baileoidh na mílte daoine ag Ceann an Ché, áit a chuala siad teachtaireacht spreagúil an Uachtaráin do lucht labhartha na Gaeilge ar fud na cruinne ar Oíche Chinn Bhliana. Bhí tinte ealaíne don teaghlach ar fad sula rinneadh an Bhliain Úr a fhógairt trí Auld Lang Syne a chasadh as Gaeilge.

 

Cuireadh tús le hathbheochan na Gaeilge le bunú Chonradh na Gaeilge 120 bliain ó shin, agus maíonn beagnach 2 mhilliún duine ar oileán na hÉireann go bhfuil Gaeilge acu sa lá atá inniu ann. Tá sí mar aidhm ag ceiliúradh Bhliain na Gaeilge na mílte deis úsáide Gaeilge a chur ar fáil don dream seo le linn 2013.

 

Ag trácht ar Bhliain na Gaeilge 2013, luaigh An tUachtarán Michael D Higgins gurb é Dubhghlas de hÍde, chéad Uachtarán na hÉireann, cathaoirleach chéad chruinniú Chonradh na Gaeilge in Iúil 1893 agus dúirt: “Tá ról na Gaeilge sa lá atá inniu níos tábhachtaí ná riamh agus brú ag teacht ar mhionteangacha ar fud an domhain mhóir. Is dlúthchuid dár gcultúr agus dár bhféiniúlacht í an Ghaeilge. Mar Uachtarán na hÉireann, tá mé an-sásta tacú go láidir le Bliain na Gaeilge – is linne an teanga agus braitheann a todhchaí orainn.”

 

Tá an tUachtarán ag moladh do chuile dhuine a gcuid Gaeilge a úsáid le comhghleacaithe oibre, le cairde, le gaolta agus le duine ar bith eile gur féidir le linn 2013, mar aon le hamharc ar na himeachtaí atá luaite ar www.gaeilge2013.ie chun páirt a ghlacadh i gcuid acu. Molann an tUachtarán don phobal páirt a ghlacadh i gcomórtais éagsúla Bhliain na Gaeilge freisin, saoire a ghlacadh sa Ghaeltacht, agus cairde thar lear a mhealladh go hÉirinn in 2013 le freastal ar imeachtaí Bhliain na Gaeilge agus Thóstal Éireann 2013.

 

Dúirt Julian de Spáinn, Eagraí Náisiúnta Bhliain na Gaeilge 2013: “Tá sí mar aidhm ag Bliain na Gaeilge an pobal a ghríosú agus a chumasú chun an Ghaeilge a úsáid, laistigh agus lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta, tríd an gceiliúradh bliana seo ar an teanga. Is mór againn an deis Bliain na Gaeilge 2013 a sheoladh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne ar Oíche Chinn Bhliana, agus ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le muintir na Gaeltachta a chabhraigh linn an ceiliúradh spleodrach seo a eagrú i nDaingean Uí Chúis.”

 

Tá breis agus 100 eagraíocht teanga agus chultúir eile ó cheann ceann na tíre ag glacadh páirte sa togra teanga tábhachtach seo – leithéidí de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, TG4, agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) san áireamh. Tá áis ar www.gaeilge2013.ie le himeachtaí áitiúla Gaeilge a chlárú agus le teacht ar eolas faoi imeachtaí náisiúnta Bhliain na Gaeilge.

 

Tá breis eolais faoin togra ar www.gaeilge2013.ie; ar www.facebook.com/gaeilge2013; nó ar Twitter @gaeilge2013. Tá Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta ag tacú le Bliain na Gaeilge. Bígí Linn – Let’s Celebrate Our Language!

 

Cad is féidir leatsa a dhéanamh le linn Bhliain na Gaeilge 2013?

  • * Bain úsáid as an nGaeilge le do chairde, do ghaolta, do chomhghleacaithe agus eile i 2013
  • * Féach ar na himeachtaí ar fad ar ár suíomh gréasáin ar www.gaeilge2013.ie & déan freastal ar chuid acu
  • * Glac páirt sna comórtais – tá duaiseanna iontacha le baint amach!
  • * Déan cinneadh feabhas a chur ar do chuid Gaeilge nó í a fhoghlaim in 2013 – d’fheadfaí páirt a ghlacadh san fheachtas Líofa 2015 fiú
  • * Téigh ar saoire go dtí an Ghaeltacht
  • * Meall cairde thar lear le teacht go hÉirinn in 2013 le freastal ar imeachtaí de chuid Bhliain na Gaeilge agus páirt a ghlacadh i dTóstal Éireann 2013
  • * Ceannaigh earraí déanta in Éirinn le cabhrú leis an timpeallacht ina bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn againn

Bliain na Gaeilge seolta sa phobal

Written by Brenda. Posted in Nuacht, Pacáiste Meán, Preasráitis, Uncategorized

BLIAIN NA GAEILGE 2013 SEOLTA GO NÁISIÚNTA LE SPRAOI SA PHOBAL

Scaoileadh 120 balún in áiteanna poiblí ar fud na hÉireann Dé Domhnaigh, 25 Samhain 2012 ag SPRAOI SA PHOBAL agus Bliain na Gaeilge 2013 á seoladh agus 120 bliain d’athbheochan na Gaeilge a cheiliúradh.

Cuireadh tús le hathbheochan na Gaeilge in 1893 le bunú Chonradh na Gaeilge, agus tá mar aidhm ag Bliain na Gaeilge na mílte deis úsáide Gaeilge a chur ar fáil don 2 mhilliún den daonra ar an oileán a deir go bhfuil an teanga acu sa lá atá inniu ann. Beidh seoltaí Bhliain na Gaeilge ar bun in Inis, Co. an Chláir; i nDoire; i mBéal Feirste; i nGaillimh; i gCaisleán an Bharraigh (23 Samhain) agus i nGaeltacht Mhaigh Eo.

Níos mó eolais anseo: