Comórtas Amhránaíochta na Scoileanna

 

 

Tá comórtas deireanach Bhliain na Gaeilge, COMÓRTAS AMHRÁNAÍOCHTA NA SCOILEANNA, ag baint úsáide as an albam ‘Rí-Rá le Hetor’ thart anois.

 

Tá na buaiteoirí luaite thíos:ColLeonCeatharlach

* Scoil Naomh Eltin le Smal do Staire

* Gaelscoil Ó Doghair le Ag Brionglóid Arís

* An Cumann Gaelach Laurel Hill le Beir orm más féidir leat

* Coláiste Naomh Leoin le Mothaím Chomh Fuar

 

 

Tá súil againn gur chabhair an t-albam agus an comórtas leis na rudaí seo a leanas i do scoil:

  • Comórtas spreagúil Ghaeilge do na daltaí a nasc an teanga le ceol comhaimseartha (tuigtear go maith go mbíonn spéis faoi leith ag daoine óga ach go háirithe i gcúrsaí ceoil agus go n-imríonn sin tionchar orthu)
  • Gur chabhraigh an t-albam leis na daltaí a spreagadh ó thaobh na Gaeilge de agus beidh acmhainn den chéad scoth ag gach scoil le húsáid arís i ndiaidh an chomórtais
  • Gur chabhraigh sé le híomhá na Gaeilge i measc na ndaltaí. Cuirfidh sé ina luí ar dhaltaí gur féidir an Ghaeilge a úsáid i réimsí eile sa saol seachas sa scoil agus go bhfuil spéis faoi leith ag cuid de na ceoltóirí a leanann siad, agus atá mar laochra ag cuid acu, sa Ghaeilge
  • Gur chuir sé go mór le Bliain na Gaeilge sna scoileanna roimh dheireadh na féile

 

Mar eolas, tá focail na n-amhrán  le híoslódáil anseo agus cóipeanna eile den phóstaer le híoslódáil anseo

 

10SA2013_Postaer_A2_RRR_Focail_CLO_RP