COMHRÁ 247 – Déanta

Written by admin1. Posted in Fiséan, Leathanach Baile, Pacáiste Meán

 

CURIARRACHT DOMHANDA BAINTE AG CAINTEOIRÍ GAEILGE Ó CHALIFORNIA GO CARN TÓCHAIR AN tSEACHTAIN SEO

Comhrá Gaeilge 168 n-uair a chloig gan stad déanta ag grúpaí ar fud na cruinne!

 

Bhain cainteoirí Gaeilge ó Chalifornia go Carn Tóchair curiarracht domhanda amach tar éis dóibh seachtain iomlán a chaitheamh ag caint gan stad mar chuid den togra Comhrá 24/7 ó 29 Meán Fómhair – 6 Deireadh Fómhair 2013!

 

Mar chuid de Bhliain na Gaeilge 2013 – d’éirigh le Comhrá 24/7 Gaeilgeoirí ó Scoil Sydney na hAstráile a nascadh le Comhairle Contae Chiarraí, Ionad Ealaíon Ceiltí California le Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, Sheffield Sasana le Stáisiún Pobail Bhaile Átha Luain, Ollscoil Bhéising na Síne le Gaelphobal Cheantar an tSrath Báin i dTír Eoghain, Glaschú le Coláiste an Gharda Síochána i dTiobraid Árann, lucht Líofa i Stormont le Comhchoiste Oireachtais i dTeach Laighean – comhrá Gaeilge gan stad thar 168 n-uair a’chloig.

 

Thosaigh an comhrá leanúnach Gaeilge is faide riamh ag Cluichí Ceannais Pheil na mBan i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath ar 1.30in Dé Domhnaigh, 29 Meán Fómhair 2013, agus is trí chóras ar-líne Google Hangouts gur lean Comhrá 24/7 ag dul ó ghrúpa Gaeilge go grúpa Gaeilge ar fud na cruinne gan stad ar feadh na seachtaine sular chríochnaigh sé mar chuid den fhéile Cearta & Ceiliúradh i mBéal Feirste ar 2.00in, Dé Domhnaigh, 6 Deireadh Fómhair 2013.

 

Bhí an comhrá idirghníomhach á chraoladh beo ar-líne ar www.gaeilge2013.ie/comhra247 ar fud na cruinne ar feadh na seachtaine agus ghlac nach mór 90 grúpa* páirt sa churiarracht domhanda seo. Glac idir scoileanna Gaeilge agus Béarla, ghrúpaí pobail, thithe an rialtais thuaidh agus theas, leabharlanna, institiúidí tríú leibhéal, ionaid ealaíon, stáisiúin teilifíse, raidió ar nós RTÉ Raidió na Gaeltachta, BBC Uladh agus go leor grúpaí eile páirt i gComhrá 24/7.

 

Gabhann gach duine i gConradh na Gaeilge agus i mBliain na Gaeilge trí chéile buíochas ollmhór leis na grúpaí ar fad a ghlac páirt sa churiarracht éachtach seo, agus tá súil againn gur spreag Comhrá 24/7 pobal uile na cruinne chun cainte i nGaeilge, ní hamháin don tseachtain speisialta seo, ach sa saol mór amach anseo!