Croí Bhia na hÉireann

CroiBhiaEireann

Creideann muid, mar chuid de Bhliain na Gaeilge, go bhfuil sé an-tábhachtach earraí agus poist Éireannacha a chur chun cinn agus a bheith mar chuid den réiteach ar na fadhbanna geilleagair atá againn in Éirinn. Mar a chreid lucht athbheochan na Gaeilge i 1893 nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge, tá ról againn ní amháin le tacaíocht a thabhairt don teanga ach don timpeallacht chomh maith ina bheidh rath ar an teanga.

 

Chuige sin táimid ag tacú leis an bhfeachtas ‘Croí Bhia na hÉireann’ in 2013. Tá eolas faoin bhfeachtas thíos:

‘Croí Bhia na hÉireann’

Tá sé mar aidhm ag ‘Croí Bhia na hÉireann’ cabhrú le siopadóirí roghanna eolacha a dhéanamh maidir le ceannach bia agus deochanna déanta in Éirinn. Is é an príodhmaidhm atá ag an bhfeachtas ná cosaint a thabhairt do déantúsaíocht bia agus dí sa todhchaí in Éirinn.

 

Tá sé deacair a shamhlú agus tú ag brú do thralaí san ollmhargadh go bhfuil scéal ann ó fheirm go monarcha go urlár an ollmhargadh taobh thiar de gach táirge Éireannach ar na seilfeanna. Ba mhaith leis an bhfeachtas go mbeidh tú ag smaoineamh ar na daoine páirteach san obair sin agus an difríocht gur féidir linn a dhéanamh dá slite beatha.

 

Tá sé an-simplí. Cabhraíonn ceannach níos mó táirgí le gnólachtaí Éireannacha maireachtáil agus cosnaíonn sé poist Éireannacha. Is féidir linn go léir a bheith bródúil as sin agus difríocht mór a dhéanamh.

 

Léiríonn taighde, áfach, nach bhfuil siopadóirí in Éirinn cinnte cad is branda Éireannach ann. Tá lógó ‘Croí Bhia na hÉireann’ ann le cur in iúl do shiopadóirí gur fíor táirge Éireannach atá ann a chloíonn le dianchritéir na n-eagraíochtaí mar bhaill de ‘Croí Bhia na hÉireann’.  Deimhnítear leis an lógó go bhfuil an táirge déanta in Éirinn agus go n-úsáideann an branda comhábhair as Éirinn nuair atá siad ar fáil.

 

Tóg do bharra seacláide mar shampla. Ní féidir leis an cócó fás sa Chabhán, ach is féidir leis an bainne a úsáidtear teacht go cinnte ó bha Ciarraí! Mar sin, bí ag faire amach don lógó ‘Croí Bhia na hÉireann’ ar do chéad turas eile go dtí na siopaí agus ceannaigh earraí Éireannacha!

 

Níos mó eolais: www.loveirishfood.ie