Fíricí & Figiúirí

Daonáireamh 2011 ó dheasCSO_Gaeilge

(eolas ó An Phríomh-Oifig Staidrimh. Níos mó eolais anseo..):

An bhfuil tú in ann Gaeilge a labhairt?

B’ionann an líon daoine (d’aois 3 bliana agus níos sine) a bhí in ann Gaeilge a labhairt i mí Aibreáin 2011 agus 1,774,437. Méadú de chuid 7.1 faoin gcéad ba ea é seo ar an 1,656,790 duine a bhí in ann Gaeilge a labhairt i mí Aibreáin 2006. Bhí níos mó baineannaigh (973,587) ná fireannaigh (800,850) in ann Gaeilge a labhairt.

Lucht scoile agus an Ghaeilge

Idir aois 5 bliana agus 18 mbliana go heisiatach labhair díreach faoi bhun 450,000 páiste Gaeilge ar bhonn laethúil agus iad ar scoil, arbh ionann sin agus 87 faoin gcéad den líon iomlán a labhair Gaeilge sa chóras oideachais in 2011.

Cainteoirí laethúla

Bhí 77,185 duine ag labhairt Gaeilge ar bhonn laethúil lasmuigh den chóras oideachais i mí Aibreáin 2011. Bhí fiche trí faoin gcéad dóibh sin idir aois 5 bliana agus 18 mbliana (17,457 duine), bhí 23,359 (30%) eile san aoisghrúpa 25-44. Bhí níos mó mná (42,157) ná fir (35,028).

Cainteoirí seachtainiúil

Bhí 110,642 duine a dúirt gur labhair siad Gaeilge ar bhonn seachtainiúil lasmuigh den oideachas. Arís, bhí níos mó baineannaigh (61,176) ná fireannaigh (49,466) ag labhairt Gaeilge ar bhonn seachtainiúil agus líon sách níos mó baineannaigh a labhair Gaeilge go seachtainiúil san aoisghrúpa 35-44 ná mar a bhí sna haoisghrúpaí neamh-scoile eile.

Na ceantair Ghaeltachta

Tá na ceantair Ghaeltachta sna seacht gcontaetha Corcaigh, Dún na nGall, Gaillimh, Ciarraí, an Mí, Maigh Eo agus Port Láirge. Dúirt líon iomlán 66,238 duine (d’aois 3 bliana agus níos sine) nó 68.5 faoin gcéad de dhaoine i gceantair Ghaeltachta go rabhadar in ann Gaeilge a labhairt in 2011. Méadú de chuid 1,973 duine ar an mbliain 2006 ba ea é seo. Mar sin féin, tá an cion a labhraíonn Gaeilge tite ó 70 faoin gcéad in 2006.

B’ionann líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais i réigiúin Ghaeltachta agus 23,175 duine nó 24 faoin gcéad den líon iomlán daoine d’aois 3 bliana agus níos sine sna réigiúin sin. Bhí 6,813 breise a labhair Gaeilge ar bhonn seachtainiúil. Léirigh thart ar 4,682 duine go raibh siad in ann Gaeilge a labhairt ach nár labhair siad í go rialta.

 

Daonáireamh 2011 ó thuaidhNISRA_Irish

(eolas ó An Gníomhaireacht um Staitisticí agus Taighde Tuaisceart Éireann. Níos mó eolais anseo..):

De réir staitisticí nua foilsithe ag an Ghníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidrimh agus um Thaighde, deir 29% de Chaitlicigh agus 2% de Phrotastúnaigh go bhfuil cumas éigin acu sa Ghaeilge, 13% de mhuintir Thuaisceart Éireann ina iomlán.

Ghlac 3,686 duine páirt sa Suirbhé Leanúnach Teaghlaigh 2011/12 a raibh bunaithe go hiomlán ar chumas agus úsáid na Gaeilge agus na hUltaise i dTuaisceart Éireann.

De réir Dhaonáirimh 2011, deir 11% (184,898) de mhuintir Thuaisceart Éireann go bhfuil cumas éigin acu sa Ghaeilge, 1% níos airde ná Daonáireamh na bliana 2001.

Ach ní ionann staitisticí an tsuirbhé agus staitisticí an Daonáirimh, mar gheall gur daoine os cionn 16 bhliain d’aois amháin a ghlac páirt sa suirbhé agus is orthu siúd os cionn 3 bhliain d’aois a bhunaítear torthaí an Daonáirimh.

Tugann an Suirbhé Leanúnach Teaghlaigh le fios go bhfuil tuiscint ar an nGaeilge ag 11%. Is féidir 6% í a labhairt, 5% í a léamh agus tá cumas scríobh na Gaeilge ag 5%.

Is i gceantair tuaithe ba mhó a léiríodh cumas sa Ghaeilge agus i measc daoine san aoisghrúpa 16-44.

Dúirt 1% de Chaitlicigh agus 0.5% de Phrotastúnaigh gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga sa bhaile agus úsáideann 4% de mhuintir Thuaisceart Éireann go sóisialta ó am go chéile í.

Léirigh 29% de Chaitlicigh agus 8% de Phrotastúnaigh, 18% san iomlán, spéis i bhfoghlaim na Gaeilge.

Eiseofar briseadh síos ar thorthaí an Daonáirimh 2011 an bhliain seo chugainn ina dtabharfar sonraí suntasacha maidir leis an cineál duine ag a bhfuil cumas acu sa Ghaeilge agus glacfar torthaí uile na suirbhéanna san áireamh agus straitéis don Ghaeilge á chur le chéile ag údaráis Thuaisceart Éireann. (Foinse – Cogar)