Líofa agus Bliain na Gaeilge in 2013

Written by Brenda. Posted in Leathanach Baile, Nuacht, Pacáiste Meán

An tAire Carál Ní Chuilín, Aire Cultúir; Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Conradh na Gaeilge; Méabh Ní Chuinneagaín ó Thír Eoghain

An tAire Carál Ní Chuilín, Aire Cultúir; Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge; Méabh Ní Chuinneagaín ó Thír Eoghain

Tá Carál Ní Chuilín, Aire Cultúir, ag iarraidh daoine a spreagadh le tabhairt faoi dhúshlán Líofa sa Bhliain Úr, atá ainmnithe mar Bhliain na Gaeilge.

Is tionscnamh é Líofa a thug an tAire isteach i Meán Fómhair 2011 le cuidiú le daoine éirí líofa nó cur lena líofacht agus lena n-úsáid Ghaeilge faoi 2015. Tá beagnach 3500 duine cláraithe le Líofa. Arsa an tAire: “Bliain speisialta a bheidh i 2013 don Ghaeilge ar fud oileán na hÉireann óir tá sí sainithe mar Bhliain na Gaeilge. Ó thús, deireadh na bliana, beidh deiseanna do dhaoine cibé leibhéal Gaeilge atá acu a úsáid nó í a fhoghlaim don chéad uair. “Cuirfidh feachtas Líofa le Bliain na Gaeilge agus is fiú bheith ag faire amach ar a bhfuil ar siúl ar fud an tuaiscirt, lena n-áirítear imeachtaí Gaeilge mar chuid de Sheachtain na Gaeilge i Mí an Mhárta agus Doire, Cathair an Chultúir. “Anois, áfach, an t-am le cur faoi do choinne féin Gaeilge a fhoghlaim i 2013 mar chuid de do rún athbhliana. Cé gur tiomantas agus sprioc pearsanta é Líofa, cuideoimid leat d’eispéireas foghlama a stiúradh agus ranganna Gaeilge agus tacaíocht foghlama a aimsiú má chláraíonn tú le dúshlán Líofa.

“Bliain iontach a bheidh i 2013 do Líofa fosta. Beidh suíomh nua idirlín againn a fheidhmeoidh mar ardán do ghníomhíocht Ghaeilge agus a stiúrfaidh foghlaimeoirí agus iad ag iarraidh cur lena líofacht Ghaeilge. Beidh pacáiste foghlama Líofa mar dhlúthchuid de shuíomh idirlín Líofa, rud a dhaingneoidh obair na ranganna agus na n-acmhainní eile a úsáideann rannpháirtithe Líofa lena spriocanna líofachta a bhaint amach. “Tá mé ag dréim le torthaí an tsuirbhé ar Líofa a rinneadh ar na mallaibh a inseoidh dúinn faoin tacaíocht atá de dhíth orthu siúd atá i bpobal Líofa atá ag iarraidh a scileanna labhartha Gaeilge a fheabhsú.” Labhair Carál Ní Chuilín faoina turas Líofa féin, ar sise: “Bhain mé féin sult as mo bhliain foghlama cé nach furasta dul i ngleic leis na briathra mírialta. Bhí mé sa Ghaeltacht faoi dhó i mbliana fosta, rud a chuidigh go mór liom comhrá Gaeilge a dhéanamh agus tuiscint a bheith agam ar na dúshláin a bhaineann le teanga nua a fhoghlaim. Déan Bliain na Gaeilge de 2013, an bhliain a dtosóidh tú ag foghlaim agus ag feabhsú do chuid scileanna Gaeilge agus cláraigh le Líofa mar chuid de do rún athbhliana – Lean Leat go Líofacht!”

Liofa2_RP