4-8/3/2013: Seachtain na n-Údarás

7_550X240_SNU

 

Beidh imeachtaí éagsúla eagraithe ag údaráis ar fud na tíre idir 4 agus 8 Márta 2013.

Is léiriú é seo den tábhacht a bhaineann leis na húdaráis a bheith ag úsáid na Gaeilge agus a thaispeáint do phobal na Gaeilge thuaidh agus theas go bhfuil tacaíocht ann don teanga uathu.

Tá eolas ar roinnt de na himeachtaí a bheidh ar siúl thíos:

 

Seachtain na Gaeilge i dTithe an Oireachtais

* 5 Márta 2013 – Scoileanna ar chuairt i dTithe an Oireachtais  (eagraithe ag an gComhchoiste um Oidhreachta, Cultúir agus Gaeltacht)

Caint os comhair an Chomhchoiste ag na daltaí scoile agus turas ar Thithe an Oireachtais

* 6 Márta 2013 – Ceisteanna na gCeannairí agus Ord Gnó trí Ghaeilge sa Dáil agus Gaeilge sa Seanad

* 7 Márta 2013 – Maidin chaife (eagraithe ag Conradh na Gaeilge)

* 8 Márta 2013 – Turas ar Thithe an Oireachtais (eagraithe ag Bímis ag Siúil agus ag Caint)

 

Seachtain na Gaeilge i dTionól Thuaisceart Éireann

* 4 Márta 2013 – Seoladh Sheachtain na Gaeilge

 

Comhairle Chontae Átha Cliath Theas

* 1 Márta 2013 – Seoladh Sheachtain na Gaeilge i gCluain Dolcáin ag Méara an Chontae

* 5 Márta 2013 – Seoladh Scéim Ghaeilge an Chomhairle Chontae i Leabharlann an Chontae

 

Comhairle Bhuirg Chill Chainnigh

* 11 Márta 2013 – Cruinniú Comhairle Bhuirg Chill Chainnigh trí Ghaeilge

 

Comhairle Cathrach Doire

Imeachtaí éagsúla don phobal. Gach eolas ar fáil ag: http://www.derrycity.gov.uk/IrishLanguageServices/Feilte-agus-Imeachtai—Festivals-and-Events

 

Comhairle Chontae Dún Laoghaire Rath an Dúin

Imeachtaí don phobal:

* 5 Márta 2013 – Tromluí Phinoccio – in Amharclann an Pavilion, Dún Laoghaire

* 7 Márta 2013 - Kíla 25 a cheiliúradh – sa Chultúrlann i mBaile na Manach

* 9 Márta 2013 – Ceolchoirm le Mary Ryan – Sean Nós agus Gormacha – i gClub Dhún Laoghaire

* 13 Márta 2013 – ‘Caidreamh, Craic agus Ceol’ – Cultúrlann

 

Comhairle Cathrach agus Ceantair Ard Mhacha

*8 Márta 2013 – Fáiltiú Sheachtain na Gaeilge ag an Ard-Mhéara

 

Comhairle an Iúir agus Mhurn

* 20 Feabhra 2013 – Seoladh Bhliain na Gaeilge – Pairc na Mara, Bóthar na Glasdroimmne, Áth na Long, Contae an Dúin

* 22 Feabhra 2013 – Seoladh Bhliain na Gaeilge - Teach na hÉigse, taobh le Halla an Bhaile i lár an Iúir, Contae an Dúin

* 27 Feabhra 2013 – Seoladh Bhliain na Gaeilge - Halla an Bhaile, An Pointe, Contae an Dúin

* 6 Márta 2013 – Seoladh Bhliain na Gaeilge -  Ionad an Phobail, An Chearnóg, Crois Mhic Lionnáin, Contae Ard Mhacha

 

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath

* Déanfaidh an tArdmhéara, Naoise Ó Muirí,  Seachtain na Gaeilge a ardú agus a chur chun cinn i rith an chruinnithe d’Ard-mhéaranna Bhaile Átha Cliath.  Tá sé ag súil maidin caife a eagrú leis na comhairleoirí uilig. Eolas ar imeachtaí eile anseo…

 

Comhairle Chontae Dhún na nGall

Beidh imeachtaí éagsúla eagraithe. Níos mó eolais anseo…

 

Comhairle Chontae Mhaigh Eo

Beidh imeachtaí éagsúla eagraithe. Níos mó eolais anseo…

 

Comhairle Chontae Chiarraí

* 11 Márta 2013 – Beidh cur i láthair déanta ag an Oifigeach Gaeilge ag cruinniú iomlán na Comhairle Contae.